Ceisteanna Coitianta
Chomh maith le Iarnród Éireann a bheith tiomanta don tionscadal seo, déantar foráil dó sa Chlár don Rialtas, sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus sa Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Rachaidh an tionscadal ar aghaidh faoi réir maoiniú a fháil, faomhadh an Ordaithe Iarnróid ón mBord Pleanála agus faomhadh an Rialtais ar Chás Gnó an Tionscadail.
Níl, níl an tionscadal ag brath ar aon tionscadal eile chun dul ar aghaidh. Nascfaidh an tionscadal seirbhísí Iarnród Éireann, DART, Bus Átha Cliath, Luas, MetroLink agus Rothar Bhaile Átha Cliath chun córas iompair phoiblí lán-chomhtháite a chruthú i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Tá foireann an tionscadail ag obair go dlúth leis na gníomhaireachtaí ábhartha lena chinntiú gur féidir gach tionscadal reatha agus pleanáilte a fhorbairt agus aird chuí á tabhairt ar a chéile.
Go ginearálta, fanfaidh leagan amach an riain feadh an bhealaigh gan athrú den chuid is mó, mar sin ní bheidh traenacha níos gaire do theorainneacha réadmhaoine ná mar atá faoi láthair. Tá modhnuithe rianta molta ag láithreacha ar leith mar stáisiúin Mhic Ghiolla Bhríde, Droichead Átha, Mullach Íde, Cluain Ghrífín agus Gabhal Bhinn Éadair & Domhnach Míde. Táthar ag súil faoi láthair go bhfanfaidh na hoibreacha riachtanacha seo laistigh de mhéideanna an na conaire iarnróid atá ann faoi láthair.
Leanfaidh an bonneagar OHLE ailíniú na rianta reatha agus na rianta modhnaithe, agus fanfaidh sé laistigh de mhéideanna na conaire iarnróid.
Tá láithreacha na modhnuithe molta ar an mbonneagar iarnróid atá ann faoi láthair, agus láithreacha fostáisiún agus campúin tógála san áireamh i mBróisiúr DART+ an Chósta Thuaidh agus i Roghnú Roghanna - Tuarascáil Rogha a Roghnófar agus Leagan Amach Scéimreach atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail www.dartplus.ie
Más dócha go mbeidh tionchar díreach ag na hoibreacha ar do réadmhaoin ba cheart go mbeadh cloiste agat uainn cheana féin. Beidh ár nOifigeach Idirchaidrimh don Phobal ar fáil le linn an phróisis lena chinntiú go ndéantar tú a nuashonrú go rialta ar na moltaí reatha agus go gcuirfear do thuairimí san áireamh agus an dearadh á chur chun cinn againn.
Beidh gá le roinnt crann a ghearradh síos chun freastal ar an trealamh leictreach líne lasnairde nua (OHLE) agus ar an mbonneagar. Breithneoidh an Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta an cheist seo go mion agus soláthróidh sé bearta maolaithe. Beidh gá le crainn agus craobhacha ó chrainn a sháraíonn isteach i réadmhaoin Iarnród Éireann a ghearradh síos nuair is féidir leo dul i dteagmháil le OHLE agus traenacha. I gcásanna ina bhfuil talamh á fháil is dócha go leagfar crainn laistigh den talamh seo. Déanfar gach glanadh crainn de réir srianta séasúracha agus nuair nach bhfuil sé seo indéanta scrúdóidh éiceolaí crainn chun láithreacht éan agus ialtóg neadaithe a chinneadh roimh aon leagan nó glanadh. Forbrófar plean tírdhreacha don scéim chun tionchair a mhaolú.
Ullmhófar EIAR don tionscadal ina mbeidh anailís mhionsonraithe ar thionchair ionchasacha an tionscadail bheartaithe ar an dtimpeallacht atá ann cheana agus beidh dóthain faisnéise ann chun go bhféadfaidh an t-údarás toilithe, an Bord Pleanála sa chás seo, cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart toiliú a thabhairt don tionscadal. Cuirfidh an EIAR tuairisc ar an dtimpeallacht atá ann faoi láthair i láthair, measúnú ar thionchair ionchasacha na scéime, leagfar amach bearta chun aon drochthionchar a sheachaint nó a laghdú agus sainaithneofar aon éifeachtaí iarmharacha atá fágtha. Déanfar na tionchair a mheasúnú agus a chur i láthair de réir na n-ábhar timpeallachta, agus de réir an Achta Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 arna leasú agus Treoir EIA 2014/52/AE.
Tá eolas ar thionscadal DART+ an Chósta Thuaidh agus ar Chomhairliúchán Poiblí le fáil ar www.dartplus.ie. Seoltar gach comhairliúchán poiblí ar an gcéad dul síos trí phreaseisiúint agus aibhsítear tuilleadh iad trí phóstaeir in-stáisiúin agus scaipeadh bileog feadh bhealach an tionscadail, faisnéis a thabhairt d’ionadaithe tofa, fógra ríomhphoist chuig bunachar sonraí an tionscadail, fógraíocht dhigiteach spriocdhírithe agus fógraíocht sna meáin chlóite agus ar an raidió nuair is cuí. Glacfar le haiseolas poiblí le linn gach céime den fhorbairt dearaidh agus is féidir é a chur isteach trí shuíomh gréasáin an tionscadail, seoladh ríomhphoist, guthán nó trí chomhfhreagras i scríbhinn. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach ar an rannán Conas Páirt a Ghlacadh / Teagmháil a dhéanamh Linn ar www.dartplus.ie.