Na Chéad Chéimeanna eile do DART+ an Chósta Thuaidh
Na Chéad Chéimeanna eile do DART+ an Chósta Thuaidh : Mar thoradh ar roghnú roghanna agus ar oibreacha forbartha dearaidh a rinneadh, forbraíodh an ‘Rogha a Roghnófar’ atá mar fhócas ag céim an chomhairliúcháin phoiblí seo.
Nuair a bheidh an próiseas comhairliúcháin poiblí críochnaithe, déanfar athbhreithniú agus measúnú ar gach aiseolas agus aighneacht a gheofar mar chuid den chéad chéim eile den fhorbairt dearaidh. Tar éis measúnú iomlán a dhéanamh ar an aiseolas, ullmhófar tuarascáil chomhairliúcháin phoiblí chun an próiseas seo a dhoiciméadú.
Úsáidfear an fhaisnéis go léir a bhailíonn an fhoireann tionscadail chun eolas a thabhairt d’fhorbairt deartha an tionscadail a bheidh mar ábhar don Mheasúnú Tionchair Timpeallachta (MTT) agus Measúnacht Chuí (AA) (más gá), agus ar deireadh thiar beidh an t-iarratas ar Ordú Iarnróid curtha faoi bhráid an Bhoird Pleanála.
Próiseas an Ordaithe Iarnróid
Tá an t-iarratas chuig an mBord Pleanála ar ordú iarnróid cosúil go ginearálta leis an bpróiseas iarratais pleanála, a bhfuil an chuid is mó daoine eolach air.
Tá an próiseas iarratais ar Ordú Iarnróid leagtha amach san Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 (arna leasú) agus cuirfear an t-iarratas faoi bhráid an mBord Pleanála. Mionsonrófar sa Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta (EIAR) nádúr agus réim an tionscadail molta agus sainaithneoidh agus cuirfidh sé síos ar na tionchair ar an dtimpeallacht. Mionsonrófar ann freisin bearta a ghlacfar chun na tionchair sin a sheachaint, a laghdú agus/nó monatóireacht a dhéanamh orthu. Tar éis an t-iarratas ar Ordú Iarnróid a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála, tugtar cuireadh don phobal, trí fhógraí poiblí, aighneachtaí a dhéanamh a bhreithneoidh an Bord Pleanála go cuí orthu mar chuid den phróiseas cinnteoireachta.
Táimid ag súil go seolfaidh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal, chun rannpháirtíocht bhreise a thabhairt don phobal sa phróiseas cinnteoireachta don tionscadal seo. Ag éisteacht ó bhéal tabharfaidh foireann tionscadail Iarnród Éireann freagraí ar aighneachtaí agus beidh siad ar fáil lena gceistiú. Féadfaidh aon duine nó comhlacht aighneacht nó tuairim a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord maidir leis an iarratas ar Ordú Iarnróid lena n-áirítear an EIAR agus ceanglais an Ordaithe Ceannaigh Éigeantaigh (CPO).
Táimid ag súil leis an iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála i Samhradh 2024.
Fáil Réadmhaoine
Déanfaidh Tionscadal DART+ an Chósta Thuaidh iarracht go príomha na hoibreacha feabhsúcháin iarnróid a theorannú laistigh den chonair iarnróid atá ann cheana féin. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil gá le hoibreacha agus le modhnuithe lasmuigh den chonair atá ann cheana, d'fhéadfadh go mbeadh gá le roinnt talamh a fháil i.e. i gcás ina bhfuil gá le fostáisiúin nua leictreachais a sholáthar.
Táimid tar éis tús a chur le clár fairsing comhairliúcháin leis na húinéirí réadmhaoine a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm orthu agus más dócha go mbeidh tionchar díreach ag na hoibreacha ar do réadmhaoin ar cheart duit a bheith cloiste againn cheana féin. Beidh ár nOifigeach Idirchaidrimh don Phobal ar fáil le linn an phróisis chun a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas faoi na moltaí reatha.