Ceisteanna Coitianta
Soláthraíonn seachadadh Stáisiún Heuston Thiar níos mó acmhainne lár na cathrach agus roghanna paisinéirí chun tuirlingt i bpurláin Heuston nó leanúint ar aghaidh go lár na cathrach i bpurláin Uí Chonghaile / Duga Spencer / Duga na Canálach Móire.
Cuireann seachadadh Stáisiún Heuston Thiar san áireamh freisin an straitéis forbartha reatha agus an Máistirphlean do shuíomh níos leithne Stáisiún Heuston agus an timpeallacht máguaird. Síneann limistéar an Mháistirphlean timpeall 500m feadh bhruach theas na Life agus áirítear leis an suíomh atá faoi úinéireacht Chóras Iompar Éireann ar an mbruach thuaidh ag Bóthar Conyngham. Is éard atá i gceist leis na tograí dearaidh uirbigh ná éascú a dhéanamh ar fhorbairt ceathrú cathrach nua ar imeall thiar lár na cathrach, ag ionchorprú mol iompair idirmhódúil comhtháite dírithe ar an stáisiún atá ann cheana féin, lárionad nua miondíola agus tráchtála, agus comharsanacht chónaithe ar fad lena mbaineann fócas ard ar sholáthar spáis oscailte.
Beidh gá le roinnt rochtana ar thailte tríú páirtí. Más gá seo déanfar teagmháil fhoirmiúil leis an úinéir talún ábhartha agus lorgófar cead rochtana.
Leanfaidh an tionscadal ar aghaidh ag freastal ar na stáisiúin go léir atá ann cheana féin idir Stáisiún Chollchoill & Chill Droichid agus Cathair Bhaile Átha Cliath. An t-aon athrú eile a bheidh ann ná go mbeidh níos mó seirbhísí traenach agus níos mó acmhainne paisinéirí ar na seirbhísí sin.
Beidh moltaí ailínithe le haghaidh DART+ an Iardheiscirt ag teacht le soláthar DART Faoi Thalamh sa todhchaí. Is cuspóir fadtéarmach de chuid na Straitéise Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath é DART Faoi Thalamh a sheachadadh. Ní chuirfidh DART+ an Iardheiscirt cosc ar a sheachadadh níos déanaí.
Tabharfar faoi na hoibreacha ar bhealach a sheachnóidh tionchair ar réadmhaoin in aice láimhe. Faoi réir fhaomhadh Ordú Iarnróid agus mar is gá, soláthrófar suirbhé ar riocht na struchtúr agus na bhfoirgneamh atá ann cheana féin díreach in aice leis na hoibreacha ag láithreacha áirithe. Socrófar iad seo ar bhonn cás ar chás ag brath ar na hoibreacha a theastaíonn ag an láthair sin. Má mheastar go bhfuil suirbhé ar bhail de dhíth ar do réadmhaoin cuirfear in iúl duit, agus lorgófar do chead chun an suirbhé a dhéanamh. Dhéanfaí an suirbhé ar an riocht ag an gcéim réamhthógála chun dearbhú a thabhairt d’úinéirí réadmhaoine.
Níl soláthar áiseanna straitéiseacha Páirceála & Taistil agus páirceáil ghluaisteán ag nó in aice le stáisiúin traenach reatha mar chuid den Chlár DART+. Mar sin féin, tá Oifig Forbartha Páirceála agus Taistil an NTA ag obair le hIarnród Éireann faoi láthair chun láithreacha straitéiseacha a aithint chun scéimeanna Páirceála agus Taistil a fhorbairt a nascfaidh leis an gcóras iarnróid. Tabharfar moltaí chun Páirceáil agus Taisteal a fhorbairt ar aghaidh go neamhspleách ar Chlár DART+
Urraitheoirí
The DART+ Programme is being implemented by Iarnród Éireann as part of Project Ireland 2040 and the NTA's Transport Strategy for the Greater Dublin Area (2016-2035).