Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
Ceisteanna Coitianta
Tá sé róluath sa phróiseas dearaidh le láithreacha compúin a bheartaítear a shainaithint. Cuirfear láithreacha féideartha i láthair mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí agus sainaithneofar na láithreacha deiridh san iarratas ar an Ordú Iarnróid.
Tá tús chéim dhearaidh an choincheapa bainte amach ag DART+ an Chósta agus déantar roghanna eile a shainaithint sa chéim seo. Dá réir sin, ní féidir na láithreacha a shainaithint ag an tráth seo ina mbeidh fostáisiúin lonnaithe a theastaíonn mar chuid de DART+ an Chósta. Beidh an t-eolas seo ar fáil, áfach, i ndiaidh go gcríochnófar céim dhearaidh an choincheapa agus sula mbeidh an chéad chomhairliúchán poiblí ar siúl.
Tabharfar faoi na hoibreacha ar an mbealach sin a sheachnóidh nó a íoslaghdóidh tionchair a imreofar ar réadmhaoin atá taobh leis an líne iarnróid, agus níl súil leis go ndéanfar díobháil. B’fhéidir go mbeidh suirbhé ar bhail ag teastáil ar struchtúir agus foirgnimh reatha atá díreach taobh leis na hoibreacha ag láithreacha áirithe. Deimhneofar iad seo ar bhonn cás ar chás ag brath ar na hoibreacha a theastaíonn ag an láthair sin agus ar na coinníollacha ar leith. Má mheastar gur gá suirbhé ar bhail a dhéanamh ar do réadmhaoin, tabharfar fógra duit, agus lorgófar cead uait chun an suirbhé a dhéanamh. Eiseofar cóip den suirbhé ar bhail don úinéir réadmhaoine. Dhéanfaí an suirbhé ar bhail i rith na céime réamhthógála chun dearbhú a sholáthar d’úinéirí réadmhaoine.
Níor ullmhaíodh amchlár go fóill ag an gcéim luath seo den chlár. Soláthróidh Tionscadal DART+ an Chósta bonneagar a uasmhéadaíonn acmhainn na líne. Dearfar amchlár bunaithe ar éilimh ghnó agus phaisinéirí níos gaire don tráth sin a bheidh an tógáil curtha i gcrích.
Cuirfidh Clár DART+ feabhsúcháin mhóra bhonneagracha ar fáil a mhéadóidh toilleadh traenach. Ní dhearnadh aon chinntí faoi conas a oibreofar seirbhísí agus forbrófar na hamchláir do na seirbhísí nua ag céim níos déanaí ar aon dul le héileamh paisinéirí.
Dúnfar, ceaptar go ndúnfar bóithre agus droichid. Deimhneofar uainiú agus fad aon dúnta ar bhonn cás ar chás ag brath ar láthair agus castacht na n-oibreacha bonneagair a theastaíonn ag an láthair ar leith sin. Forbrófar sonraí faoi aon bhóithre a dhúnfar, an fad a cheaptar a bheidh siad dúnta agus bealaí sealadacha ar mhalairt slí san áireamh mar chuid díobh agus cuirfear i láthair iad i dTuarascáil na Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT).