Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
DART+ Coastal South
Dúnfar, ceaptar go ndúnfar bóithre agus droichid. Deimhneofar uainiú agus fad aon dúnta ar bhonn cás ar chás ag brath ar láthair agus castacht na n-oibreacha bonneagair a theastaíonn ag an láthair ar leith sin. Forbrófar sonraí faoi aon bhóithre a dhúnfar, an fad a cheaptar a bheidh siad dúnta agus bealaí sealadacha ar mhalairt slí san áireamh mar chuid díobh agus cuirfear i láthair iad i dTuarascáil na Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT).
Is féidir droichid nó íosbhealaí feithiclí a sholáthar ag láithreacha áirithe, ach ní cheaptar go ndéanfar an leibhéal céanna de bhonneagar a athsholáthar do gach crosaire comhréidh, áfach. Deimhneofar sa phróiseas dearaidh an bonneagar cuí athsholáthair do gach crosaire comhréidh agus aird ar choinníollacha reatha, cosúil le hamanna aistir reatha ar bóthar agus nascacht phobail.
Anuas ar Iarnród Éireann a bheith tiomanta don tionscadal seo, déantar foráil dó i gClár an Rialtais, an Plean Forbartha Náisiúnta agus an Straitéis Iompair maidir le Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Leanfar ar aghaidh leis an tionscadal a fhad agus go bhfaightear cistiú, go ndeonaíonn an Bord Pleanála cead don Ordú Iarnróid agus go dtugann an Rialtas cead do Chás Gnó an Tionscadail.
Beidh, beidh roinnt crann le leagan chun freastal ar an trealamh agus an bonneagar nua leictreach líne lasnairde (OHLE). Déanfar breithniú mionsonraithe i dTuarascáil na Measúnachta Tionchair Timpeallachta ar an tsaincheist seo agus cuirfear bearta maolaithe ar fáil. Beidh crainn agus géaga a fhásann isteach i réadmhaoin Iarnród Éireann le gearradh siar agus a leagan nuair a d’fhéadfaidís teagmháil a dhéanamh le OHLE agus traenacha. I gcásanna ina bhfuil talamh á fáil, is dóchúil go leagfar crainn laistigh den talamh seo. Tabharfar faoi na crainn go léir a ghlanfar i gcomhréir le srianta séasúracha agus nuair nach féidir seo a dhéanamh, déanfaidh éiceolaí scrúdú ar chrainn lena dheimhniú an bhfuil nó nach bhfuil éin agus ialtóga ag neadú iontu sula leagfar nó sula mbainfear iad. Forbrófar plean tírdhreacha don scéim le tionchair a mhaolú.
Ar mhaithe le cúiseanna sábháilteachta agus cothabhála, ní chuirfí aon chrainn nua i ngar do línte leictreachais Lasnairde. Tabharfar faoi mheasúnú tírdhreacha agus amhairc mar chuid de phróiseas dearaidh na Measúnachta Tionchair Timpeallachta (MTT). Nuair a dheimhníonn measúnuithe go dteastaíonn sciathadh amhairc, cuirfear seo ar fáil laistigh de thailte Iarnród Éireann nó de thailte a dhéanfaidh Iarnród Éireann a fháil mar chuid de phróiseas an Ordaithe Iarnróid.