Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
DART+ Fleet
Tá an flít DART reatha comhdhéanta de 2 fofhlít. Cuirfear deireadh leis an bhflít 8100 a thosaigh i mbun seirbhíse sa bhliain 1984 de réir a chéile de bharr aois an fhlít. Leanfaidh an flít 8500 a thosaigh i mbun seirbhíse sa bhliain 2001 agus 2005 i mbun seirbhíse.
Ar cheann de phríomhchuspóirí leagan amach an Fhlít DART+ tá sé i gceist rochtain níos fearr a chur ar fáil d’úsáideoirí traenach.
Fágfaidh póirsí fairsinge go mbeidh paisinéirí ábalta gluaiseacht go héasca ar fud na traenach agus cuideoidh neart greamanna a bheidh suiteáilte go straitéiseach ar fud na traenach le paisinéirí a gcothrom a choinneáil agus a bheith sábháilte agus iad ag fanacht go stopfaidh an traein.
Laghdóidh urláir agus doirse isteach agus amach a beidh ar leibhéal íseal airde na céime do phaisinéirí agus feabhsóidh sin rochtain do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Cuirfear céim in-aistarraingthe i bhfeidhm go huathoibríoch ag gach doras sula n-osclóidh an doras, gluaisfidh an chéim amach chun an bearna chothrománach idir an traein agus an t-ardán a laghdú. Feabhsóidh sé sin go mór an rochtain a bheidh ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus laghdóidh sé an baol atá ann go dtitfeadh daoine.
Suiteálfar closlúba ionduchtúcháin go straitéiseach ar fud 4 scáileán taispeána PIS na traenach i ngach carráiste a chuirfidh faisnéis chlaochlaithe do chustaiméirí ar fáil ar bord, ar a mbeidh nuashonraithe fíor-ama agus faisnéis ó chórais iompair phoiblí eile atá i ngréasán Transport for Ireland. Beidh siad sin leagtha amach ar bhealach a bheidh ar mhaithe le custaiméirí a bhfuil laguithe céadfacha orthu.
Táimid ag déanamh infheistíochta i dtraenacha arna gcumhachtú go leictreach/ceallra-leictreach a chuirfidh ar ár gcumas úsáid iomlán a bhaint as an mbonneagar atá ann fad a dtugtar leictriúchán chun cinn.
Beidh 13 x 5 carr BEMUnna (Traenacha Ceallra-Leictreacha Ilaonad) agus 6 x 5 carr EMUnna (Traenacha Leictreacha Ilaonad) sa chéad ordú faoin gcreat. Cuirfidh sin 95 feithicil ar fáil as an teorainn 750 feithicil faoin gcreat.
Tá súil ag Iarnród Éireann glacadh leis an gcéad ordú seo ó lár 2024 agus tá súil tús a chur leis an tseirbhís sa bhliain 2025.
Ar mhaithe le hacmhainn bhreise agus rochtain níos fearr traenach a chur ar fáil ní chuirfear na haonaid nua ar fáil le leithris ar bord.