Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
Ceisteanna Coitianta
Tá DART+ an Chósta Thuaidh ag iarraidh an líonra iarnróid leictrithe atá ann cheana féin a leathnú ó Mhullach Íde go Droichead Átha chomh maith le hacmhainn iarnróid a mhéadú ar an Líne Thuaidh idir Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus Stáisiún Dhroichead Átha Mhic Ghiolla Bhríde, lena n-áirítear Brainse Bhinn Éadair. Is féidir an acmhainn mhéadaithe iarnróid seo a bhaint amach trí líonra iarnróid leictrithe leathnaithe a chur i bhfeidhm le traenacha DART ard-acmhainne agus minicíocht mhéadaithe seirbhísí traenach. Ina theannta sin, éilíonn an tionscadal DART+ an Chósta Thuaidh go gcuirfí roinnt modhnuithe rian i bhfeidhm, lena n-áirítear soláthar saoráidí tiontaithe ag Stáisiúin Mhullach Íde, Chluain Ghrífín agus Ghabhal Bhinn Éadair & Dhomhnach Míde. Tá na modhnuithe seo riachtanach chun méadú ar sheirbhísí traenach a éascú trí ligean do thraenacha a bheith iompaithe siar ó sheirbhísí leanúnacha agus chun seirbhís níos minice agus níos iontaofa a cheadú.
Éascóidh na hathruithe atá beartaithe ar Bhrainse Bhinn Éadair méadú ar mhinicíocht agus ar acmhainn seirbhíse an DART, mar aon le feabhsuithe ar iontaofacht an amchláir agus oibriú na seirbhíse. Leis na buntáistí oibríochta a bhaineann leis na huasghráduithe bonneagair, beifear in ann solúbthacht oibríochta níos fearr a bhaint amach agus seirbhísí a bharrfheabhsú ar Bhrainse Bhinn Éadair.
Baineadh úsáid as na hamanna oscailte agus dúnta bacainní crosaire comhréidh atá ann faoi láthair chun bonn eolais a chur faoi mhúnla tráchta a dhéanann measúnú ar na héifeachtaí ar fheithiclí, rothaithe agus coisithe. Baineadh de thátal as measúnú mionsonraithe ar na ceithre chrosaire comhréidh atá ann cheana feadh Líne Bhrainse Bhinn Éadair gur féidir leis na crosairí comhréidhe seo leanúint ar aghaidh ag oibriú agus leibhéal cuí trasnascachta agus inrochtaineachta a sholáthar agus an riachtanas méadaithe minicíochta seirbhíse DART á chomhlíonadh ag an am céanna. Mar thoradh ar mhinicíocht mhéadaithe dúnadh crosairí comhréidhe beidh seans níos mó ann go mbeidh ar fheithiclí, coisithe agus rothaithe scuaine ag na crosairí, áfach, léirigh an samhaltú tráchta agus an anailís íogaireachta gur dócha go bhfanfaidh fad na scuaine laistigh den spás bóthair scuaine atá ar fáil i ngach cás. Bunaithe ar na measúnuithe a rinneadh go dtí seo, ní mheastar go bhfuil gá le hidirghabhálacha bonneagair bhreise ag na ceithre chrosaire comhréidh.
Rinneadh measúnú ar an tionchar ar an trácht timpeall ar chrosairí comhréidhe Bhrainse Bhinn Éadair ag baint úsáide as bogearraí samhaltaithe LinSig. Is uirlis bhogearraí chaighdeánach tionscail é LinSig a ligeann d’innealtóirí tráchta comharthaí tráchta agus a n-éifeacht ar acmhainn tráchta agus scuaine a shamhaltú. Baineadh úsáid as seo chun imscrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag dúnadh bacainní ar an líonra bóithre mórthimpeall agus tá sonraí breise san áireamh in Iarscríbhinn 3.7 Aguisín B den ábhar foilsithe atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail https://www.dartplus.ie/ga-ie /tionscadail/dart-thuaidh.
Bhí na sonraí tráchta a úsáideadh sna measúnuithe ar chrosairí comhréidhe bunaithe ar shuirbhéanna a rinneadh i mBealtaine 2022. Áiríodh orthu seo suirbhéanna ar chomhaireamh casadh acomhail feithiclí aicmithe thar thréimhse ama 14 uair idir 0600 agus 2000 ag na hacomhail laistigh den limistéar staidéir agus freisin ag na crosairí comhréidhe laistigh den limistéar staidéir. Áiríodh sna sonraí freisin suirbhéanna ar fhad scuaine agus suirbhéanna ar chomhaireamh coisithe. Socraíodh go dtarlaíonn buaicuaireanta RN idir 0800 agus 0900 agus buaicuaireanta IN idir 1730 agus 1830 (féach Iarscríbhinn A). Is iad seo na tréimhsí is gnóthaí ar an líonra bóithre agus mar sin rinneadh measúnú ar thionchar na gcrosairí comhréidhe atá beartaithe do na tréimhsí ama seo. Bhí sonraí tráchta stairiúla (2018/2019) ar fáil ag cuid de na hacomhail in aice le crosairí comhréidhe Chill Bharróg agus Chill Fhionntain agus léirigh comparáid idir na sonraí tráchta is déanaí (2022) agus na sonraí tráchta stairiúla (2018/2019) go bhfuil na leibhéil tráchta a breathnaíodh sna suirbhéanna le déanaí, go mór mór, tar éis filleadh ar na leibhéil réamh-Covid sa limistéar staidéir. Mar sin measadh go raibh na sonraí comhairimh tráchta 2022 is déanaí mar fhoinse sonraí oiriúnach don mheasúnú.
Déanfar measúnú iomlán ar éifeachtaí aon athruithe ar phatrúin tráchta mar chuid den Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta (EIAR) agus den Mheasúnú Tionchair Tráchta (TIA) agus ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go n-áireofar san EIAR a ghabhann leis an iarratas ar Ordú Iarnróid measúnú cuimsitheach ar tionchair féideartha ar cháilíocht an aeir agus aeráide mar thoradh ar an bhforbairt atá beartaithe ar DART+ an Chósta Thuaidh.
Tá Crosaire Comhréidh oibrithe reatha (XB001) atá suite ó dheas de Stáisiún Dhomhnach Bat le dúnadh mar chuid de DART+ an Chósta Thuaidh. Tá sé seo mar thoradh ar leictriú a thabhairt isteach agus méadú ar mhinicíocht traenach ar an Líne Thuaidh, rud a mhéadaíonn go mór na rioscaí sábháilteachta ag an gcrosaire comhréidh seo d'úsáideoirí an chrosaire agus don trácht iarnróid. Níltear ag súil go ndúnfar crosairí comhréidhe ar Bhrainse Bhinn Éadair faoi láthair, léirigh measúnú tosaigh ar na ceithre chrosaire comhréidh atá ar líne Bhrainse Bhinn Éadair gur féidir leis na crosairí comhréidhe seo leanúint ar aghaidh ag oibriú agus seirbhís níos éifeachtaí agus níos fearr a sholáthar ar an iomlán.
Cé go bhfuil tréithe teicniúla an Flít nua DART+ fós á dtabhairt chun críche, táthar ag súil go mbainfear amach go compordach thart ar 50 nóiméad an t-am rite stad ar fad. Sa lá atá inniu ann, tá éagsúlacht sa tseirbhís comaitéireachta a ritheann idir Droichead Átha agus Stáisiún Uí Chonghaile ach féadfaidh sé breis agus uair an chloig a ghlacadh