Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
Ceisteanna Coitianta
Ullmhófar EIAR don tionscadal ina mbeidh anailís mhionsonraithe ar thionchair ionchasacha an tionscadail bheartaithe ar an dtimpeallacht atá ann cheana agus beidh dóthain faisnéise ann chun go bhféadfaidh an t-údarás toilithe, an Bord Pleanála sa chás seo, cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart toiliú a thabhairt don tionscadal. Cuirfidh an EIAR tuairisc ar an dtimpeallacht atá ann faoi láthair i láthair, measúnú ar thionchair ionchasacha na scéime, leagfar amach bearta chun aon drochthionchar a sheachaint nó a laghdú agus sainaithneofar aon éifeachtaí iarmharacha atá fágtha. Déanfar na tionchair a mheasúnú agus a chur i láthair de réir na n-ábhar timpeallachta, agus de réir an Achta Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 arna leasú agus Treoir EIA 2014/52/AE.
Tá eolas ar thionscadal DART+ an Chósta Thuaidh agus ar Chomhairliúchán Poiblí le fáil ar www.dartplus.ie. Seoltar gach comhairliúchán poiblí ar an gcéad dul síos trí phreaseisiúint agus aibhsítear tuilleadh iad trí phóstaeir in-stáisiúin agus scaipeadh bileog feadh bhealach an tionscadail, faisnéis a thabhairt d’ionadaithe tofa, fógra ríomhphoist chuig bunachar sonraí an tionscadail, fógraíocht dhigiteach spriocdhírithe agus fógraíocht sna meáin chlóite agus ar an raidió nuair is cuí. Glacfar le haiseolas poiblí le linn gach céime den fhorbairt dearaidh agus is féidir é a chur isteach trí shuíomh gréasáin an tionscadail, seoladh ríomhphoist, guthán nó trí chomhfhreagras i scríbhinn. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach ar an rannán Conas Páirt a Ghlacadh / Teagmháil a dhéanamh Linn ar www.dartplus.ie.
Nuair is indéanta, comhtháthóidh DART+ an Chósta Thuaidh le rotharbhealaí, féarbhealaí agus áiseanna eile taistil ghníomhaigh atá molta i straitéisí iompair atá ann cheana féin agus i ndréachtstraitéisí iompair amach anseo. Tá Foireann Tionscadail DART+ ag obair go gníomhach leis na húdaráis urraíochta do na tionscadail seo chun a chinntiú go dtugtar aird chuí orthu.
Tá gá le raon leathan suirbhéanna mar chuid den tionscadal DART+ Chósta Thuaidh. Áirítear orthu sin, ach níl siad teoranta dóibh, Suirbhéanna Topagrafacha, Suirbhéanna Éiceolaíochta agus comhshaoil eile, Suirbhéanna Imscrúdaithe Talún.
Má tá aon cheist nó imní ort maidir leis na suirbhéanna seo déan teagmháil le do thoil leis an Oifigeach Idirchaidrimh don Phobal don Tionscadal seo Garry Keegan ag 01 233 4515 nó trí ríomhphost ag DARTCoastalNorth@irishrail.ie
Soláthróidh tionscadal DART+ an Chósta Thuaidh, mar chuid den Chlár DART+, líonra leictrithe feabhsaithe, le hacmhainn mhéadaithe paisinéirí agus seirbhís traenach feabhsaithe idir Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha. Soláthróidh an tionscadal an bonneagar chun méadú pleanáilte ar mhinicíocht traenach a sheachadadh ó 11 go 24 traein, agus méadú pleanáilte ar acmhainn paisinéirí ó 12,500 go 26,600 paisinéir, don bhuaicthréimhse 3 huaire RN nua do sheirbhísí isteach / ó dheas ó Dhroichead Átha go Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.
Soláthróidh DART+ an Chósta Thuaidh seirbhís traenach inbhuanaithe, leictrithe agus níos iontaofa. Tacóidh leictriú na Líne Thuaidh go Droichead Átha le tógáil Réigiún Cathrach inbhuanaithe agus nasctha agus éascóidh sé an t-aistriú go sochaí ísealcharbóin agus athléimneach ó thaobh aeráide de.
Soláthróidh tionscadal DART+ Cósta Thuaidh, mar chuid den Chlár DART+, líonra feabhsaithe leictrithe, le hacmhainn mhéadaithe paisinéirí agus seirbhís traenach feabhsaithe idir Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus Binn Éadair. Soláthróidh an tionscadal an bonneagar chun méadú pleanáilte ar mhinicíocht traenach a sheachadadh ó 9 go 18 traein, agus méadú pleanáilte ar acmhainn paisinéirí ó 10,800 go 21,600 paisinéir, don bhuaicthréimhse 3 huaire RN nua do sheirbhísí isteach / ó dheas ó Bhinn Éadair go Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.
Chun na buaic-arduithe acmhainne atá molta ag an gClár DART+ a bhaint amach, déanfaidh DART+ an Chósta Thuaidh iarracht athchumrú a chur i bhfeidhm ar Stáisiún Ghabhal Bhinn Éadair & Dhomhnach Míde agus deireadh a chur le coimhlintí trasrianta traenach atá sa stáisiún faoi láthair. Cumasóidh an Rogha a Roghnófar seirbhís tointeála DART ar líne Bhrainse Bhinn Éadair de réir mar is gá, agus/nó seirbhís díreach tríd go/ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, ag ligean uasmhéadú d’acmhainn agus minicíocht seirbhísí DART+ ar línte an Tuaiscirt agus Brainse Bhinn Éadair. Mar thoradh ar bhaint na gcoimhlintí trasnaithe ag Stáisiún Ghabhal Bhinn Éadair & Dhomhnach Míde beidh seirbhís DART Bhrainse Bhinn Éadair níos minice agus níos iontaofa agus d’fhéadfadh minicíocht na seirbhíse a dhúbailt chun seirbhís a sheachadadh gach deich nóiméad gach bealach. Athróidh scála an mhéadaithe ar sheirbhísí thar mhéideanna DART+ an Chósta Thuaidh agus beidh sé ag brath go díreach ar éileamh paisinéirí thar am.
Más gá Seirbhís Tointeála DART a oibriú ar Líne Bhrainse Bhinn Éadair, beidh ar phaisinéirí a thaistealaíonn go/ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath aistriú idir seirbhísí ag Stáisiún Ghabhal Bhinn Éadair agus Dhomhnach Míde áit ina moltar éagsúlacht d’oibreacha modhnuithe suntasacha chun eispéireas na bpaisinéirí a fheabhsú go ginearálta, agus chun an stáisiún a fhorbairt chun feidhmiú níos fearr mar stáisiún idirmhalartaithe. Is éard a bheidh i gceist leis na hoibreacha ná na bealaí isteach a mhodhnú chun stáisiún níos inrochtana, níos so-úsáidte agus dírithe ar an gcustaiméir a sholáthar do gach úsáideoir iarnróid, chomh maith le feabhas a chur ar an nasc leis na ceantair máguaird Domhnach Míde agus Cill Bharróg. Déanfar uasghráduithe freisin ar an droichead coise agus naisc leis na hardáin láir, chomh maith leis an soilsiú, an chomharthaíocht agus na bailchríocha ar fad. Éascófar an t-acomhal ag Stáisiún Ghabhal Bhinn Éadair & Dhomhnach Míde trí mhéadú ar thraenacha stada na Líne Thuaidh a íoslaghdóidh amanna feithimh le haghaidh nasc-seirbhísí.
Ag an bpointe seo tá sé ró-luath a rá go beacht cad iad na hamanna feithimh a bheadh ann, agus iad ag idirmhalartú ag Stáisiún Ghabhal Bhinn Éadair & Dhomhnach Míde, nó go deimhin cén t-am turais cruinn a bheidh ann ó stáisiúin ar Bhrainse Bhinn Éadair go Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Táthar ag súil go bhfanfaidh amanna taistil rannóige (m.sh. Stáisiúin Chois Bá go Binn Éadair) ar feadh Líne Bhrainse Bhinn Éadair mar a chéile leis na hamanna turais reatha a bhíonn ag paisinéirí DART, agus go mbeadh tionchar íosta ag aon choigeartú ar amanna turais ó Bhrainse Bhinn Éadair go lár na cathrach mar thoradh ar an idirmhalartú idir seirbhísí ag Stáisiún Ghabhal Bhinn Éadair & Dhomhnach Míde. Déanfar athruithe ar amanna turais a fhritháireamh beagán ag minicíocht mhéadaithe seirbhíse as a dtiocfaidh níos mó rogha do phaisinéirí agus amanna feithimh laghdaithe chun tús a chur le turais DART ar an gcéad dul síos.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin nach rud é oibriú na seirbhíse tointeála DART a thiocfadh i bhfeidhm láithreach ar sheachadadh an tionscadail DART+ an Chósta Thuaidh. Beidh céimeanna éagsúla d’fhorbairt amchláir ann a thabharfar isteach de réir a chéile agus an tionscadal ag tógáil i dtreo uasleibhéil seirbhíse. Níl aon obair déanta ar na sonraí oibríochta taobh thiar de gach ceann de na céimeanna seo ag an gcéim luath seo i bpleanáil agus i bhforbairt an tionscadail. Rachaidh aon athrú suntasach ar an amchlár trí phróiseas Comhairliúcháin Phoiblí dá chuid féin arna eagrú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) ar a dtugtar an Próiseas Comhairliúcháin Amchláir le Custaiméirí.