Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
Ceisteanna Coitianta
Tá DART+an Chósta Thuaidh ag iarraidh cur le minicíocht agus acmhainn na seirbhísí traenach idir Droichead Átha agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, ag áireamh Líne Bhrainse Bhinn Éadair. Is féidir é seo a bhaint amach trí thraenacha DART ard-acmhainne leictrithe a thabhairt isteach agus minicíocht na dtraenacha sin a mhéadú. Tacóidh seachadadh an tionscadail seo leis na pobail reatha feadh an iarnróid agus tacóidh sé le forbairt inbhuanaithe amach anseo. Freastalóidh DART+ an Chósta Thuaidh ar gach stáisiún reatha feadh an bhealaigh ag baint úsáide as cumhacht leictreach a bhfuil lorg carbóin níos ísle aige ná na traenacha díosail atá ann cheana féin. Cuirfidh minicíocht agus cáilíocht na seirbhíse rogha iompair inmharthana ar fáil do phobail feadh an bhealaigh agus spreagfaidh sé daoine chun aistriú ó úsáid gluaisteáin príobháideacha. Cabhróidh sé seo le hÉirinn astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le hiompar a laghdú agus cabhróidh sé le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Leanfaidh leictriú na líne iarnróid an chonair iarnróid atá ann go príomha agus déanfar oibreacha den chuid is mó laistigh de fhairsinge na conaire iarnróid atá ann cheana féin.
It is important to note that the DART+ Coastal North Project will deliver rail infrastructure which will enable the proposed increased frequency and capacity of rail services between Drogheda, Howth, and Dublin City Centre. The project will also deliver improved reliability of services on both the Northern and Howth Lines.
Whilst the technical characteristics of the new DART+ Fleet are still being finalised, modelling completed to date suggests expected DART journey times between Drogheda and Dublin Connolly during peak periods would take circa 53 minutes. It is worth noting that the DART+ Coastal North project will deliver the infrastructure to enable the maximum level of service on the Northern Line and future journey times and/or timetables have yet to be developed and will be sensitive to a variety of influencing factors.
Timetables will be developed based on some DART trains stopping at all stations between Drogheda and Dublin City Centre, and others operating on a skip stopping pattern, similar to the existing stopping pattern on Northern Commuter services. Also, there will be different phases of timetable development that will be gradually introduced as the project builds towards the maximum level of service. The operational detail behind each of these phases will be determined through the timetable decisions at those times. Any substantial timetable change will go through a Public Consultation process of its own organised by the NTA known as the Timetable Customer Consultation Process.
Actual journey times, and timetables, for DART services originating from Drogheda will vary depending on the stopping patterns of DART services implemented in the future, of which there are many variations and options to consider. Timetables will be developed based on some DART trains stopping at all stations between Drogheda and Dublin City Centre, and others operating on a skip stopping pattern.
At certain times, operating an Enterprise service during a peak period may result in an extended journey time for Enterprise services. This does however allow Iarnrod Eireann to maximise the Northern Line track capacity, through the implementation of the DART+ Coastal North project. Factors including the output from the ongoing Enterprise Fleet Replacement Project, the improved acceleration and braking provided by the new DART+ Fleet, and the stopping patterns of DART services implemented on the Northern Line will all influence and inform future journey times.
Áirítear ar phríomhchuspóirí thionscadail DART+ an Chósta Thuaidh an bonneagar a sheachadadh chun bealach níos airde minicíochta, acmhainn níos airde, iontaofa, leictrithe a chumasú chun minicíocht seirbhíse DART méadaithe a chumasú idir Droichead Átha agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil i mbróisiúr an tionscadail nó ar shuíomh gréasáin an tionscadail.
Tá an dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil, Comhairliúchán Poiblí Uimh.2, a dhíríonn ar an Rogha a Roghnófar do DART+ an Chósta Thuaidh sceidealta le bheith ar siúl in Earrach 2023 (09 Bealtaine - 23 Meitheamh).
Reáchtáladh an chéad tréimhse comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil in Earrach 2022.
Is é an comhairliúchán seo ár mbealach chun iarraidh oraibh, mar úsáideoirí ionchasacha na seirbhíse nó orthu siúd ar dóigh dóibh tionchar a bheith acu ar a forbairt, do thuairimí ar ár bpleananna. Cuirfidh d’eolas áitiúil bonn eolais faoin dearadh atá ag teacht chun cinn, cabhróidh sé linn an scéim a fheabhsú agus cinnteoidh sé go mbeidh sé tairbheach duit féin agus do na pobail a mbeidh an bealach ag freastal orthu.
Más dócha go mbeidh tionchar díreach ag na hoibreacha ar do réadmhaoin ba cheart go mbeadh cloiste agat uainn cheana féin. Beidh ár nOifigeach Idirchaidrimh don Phobal ar fáil le linn an phróisis lena chinntiú go ndéantar tú a nuashonrú go rialta ar na moltaí reatha agus go gcuirfear do thuairimí san áireamh agus an dearadh á chur chun cinn againn.
Is féidir leat dul i dteagmháil linn ar na bealaí seo a leanas:
Suíomh Gréasáin | www.dartplus.ie
Ríomhphost | DARTCoastalNorth@irishrail.ie
Líne teileafóin | (01 233 4515) 233 4515
Seoladh Poist
Oifigeach Idirchaidrimh don Phobal
DART+ an Chósta Thuaidh
Iarnród Éireann
Oibreacha Inse Chór
Paráid Inse Chór
Baile Átha Cliath 8
D08K6Y3
Go bunúsach is iarratas é an t-iarratas ar Ordú Iarnróid a lorgaíonn cead reachtúil (cead pleanála agus fáil talún) don bhonneagar iarnróid DART+ an Chósta Thuaidh. Tá an tionscadal rangaithe mar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh (SID) agus cuireann Iarnród Éireann iarratas díreach chuig an mBord Pleanála ar chead. Tá an próiseas iarratais ar Ordú Iarnróid leagtha amach san Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 arna leasú ag an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006. Tar éis an dá chéim de chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil atá beartaithe, cuirfidh Iarnród Éireann an t-iarratas ar Ordú Iarnróid isteach. Féadfaidh aon duine nó comhlacht aighneacht nó tuairim i scríbhinn a dhéanamh chuig an mBord Pleanála maidir leis an iarratas. Áireoidh an t-iarratas ar Ordú Iarnróid roinnt doiciméad teicniúil agus líníochtaí tionscadail chomh maith le Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta agus doiciméadú ar Mheasúnú Cuí (scagadh AA / Ráiteas Tionchair Natura (NIS)). Déanfaidh an Bord Pleanála na doiciméid agus na líníochtaí seo go léir mar aon le haon aiseolas/aighneachtaí a gheofar ón bpobal mar chuid den phróiseas reachtúil comhairliúcháin poiblí a athbhreithniú agus a mheas sula ndéanfar cinneadh ar an iarratas. Táimid ag súil go ndéanfaidh an Bord Pleanála Éisteacht ó Bhéal sula ndéanfar cinneadh. Ag Éisteacht ó Bhéal tabharfaidh údair na dtuarascálacha ábhartha agus na saineolaithe fianaise ar na haighneachtaí a fuarthas agus beidh siad ar fáil lena gceistiú. Tá tuilleadh eolais maidir le haighneacht / tuairim a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord agus nósanna imeachta Éisteachta ó Bhéal ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird Pleanála.