Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
Ceisteanna Coitianta
Níl an leagan amach a bheidh ar Fhlít DART+ curtha i gcrích go fóill ach ar cheann de phríomhchuspóirí an dearaidh tá rochtain níos fearr a chur ar fáil d’úsáideoirí traenach lena n-áirítear;
· Spásanna níos mó do chathaoireacha rothaí agus teacht ar na doirse in aice láimhe go héasca
· Limistéir do theaghlaigh nach mbeidh plúchta le stuif ina mbeidh áit iontu do naíchóistí agus a bheidh suite in aice le doirse
· Meascán de limistéir atá leagtha amach le suí agus le seasamh chun freastal ar riachtanais iléagsúla paisinéirí
· Limistéir stuála rothar
· Láithreacha chun ríomhrothair agus ríomhscútair a luchtú
· Geataí bordála leathana idir carráistí chun go mbeifear ábalta gluaiseacht go héasca, a chuirfidh áit níos oscailte agus ceangailte ar fáil ina mbraithfidh daoine níos sábháilte
· Pointí luchtaithe USB agus Wi-Fi ar fud na traenach
· 4 ceamara CCTV i ngach carráiste chun tacú le sábháilteacht agus slándáil na bpaisinéirí
· 4 scáileán taispeána Córais Eolais do Phaisinéirí (PIS) i ngach carr ar a mbeidh eolas taistil fíor-ama. Beidh an córas go huile agus go hiomlán ag teacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus beifear ábalta é a fheiceáil go soiléir ó gach limistéar do chathaoireacha rothaí agus ó gach suíochán tosaíochta.
Tá súil againn glacadh leis an gcéad ordú ina mbeidh 95 carráiste ó lár 2024 agus súil againn na carranna sin a chur i mbun seirbhíse sa bhliain 2025.
Déanfar cothabháil ar an bhflít nua DART i stáisiún saintógtha siar ó Mhaigh Nuad. Tá an stáisiún seo á chur ar fáil mar chuid de Thionscadal DART+ an Iarthair.
Ceannófar, tá rothstoc breise ag teastáil chun tacú leis an bhforbairt ar sheirbhísí iarnróid atá beartaithe faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2021 go dtí 2030 agus chun freastal ar na méaduithe san acmhainn bhonneagair atá á gcur ar fáil tríd an gClár DART+.
Leanfar de chothabháil a dhéanamh ar fhlít 8100 i bhFionnradharc nó go mbeidh an flít as seirbhís. Aistreofar cothabháil an fhlít nua DART+ agus cothabháil an fhlít 8500 chuig saoráid shaintógtha siar ó Mhaigh Nuad, a chuirfear ar fáil mar chuid de thionscadal DART+ an Iarthair.
Tá an flít DART reatha comhdhéanta de 2 fofhlít. Cuirfear deireadh leis an bhflít 8100 a thosaigh i mbun seirbhíse sa bhliain 1984 de réir a chéile de bharr aois an fhlít. Leanfaidh an flít 8500 a thosaigh i mbun seirbhíse sa bhliain 2001 agus 2005 i mbun seirbhíse.