Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
Ceisteanna Coitianta
Tabharfar faoi na hoibreacha ar bhealach a sheachnóidh tionchair ar réadmhaoin in aice láimhe. Faoi réir fhaomhadh Ordú Iarnróid agus mar is gá, soláthrófar suirbhé ar riocht na struchtúr agus na bhfoirgneamh atá ann cheana féin díreach in aice leis na hoibreacha ag láithreacha áirithe. Socrófar iad seo ar bhonn cás ar chás ag brath ar na hoibreacha a theastaíonn ag an láthair sin. Má mheastar go bhfuil suirbhé ar bhail de dhíth ar do réadmhaoin cuirfear in iúl duit, agus lorgófar do chead chun an suirbhé a dhéanamh. Dhéanfaí an suirbhé ar an riocht ag an gcéim réamhthógála chun dearbhú a thabhairt d’úinéirí réadmhaoine.
Níl soláthar áiseanna straitéiseacha Páirceála & Taistil agus páirceáil ghluaisteán ag nó in aice le stáisiúin traenach reatha mar chuid den Chlár DART+. Mar sin féin, tá Oifig Forbartha Páirceála agus Taistil an NTA ag obair le hIarnród Éireann faoi láthair chun láithreacha straitéiseacha a aithint chun scéimeanna Páirceála agus Taistil a fhorbairt a nascfaidh leis an gcóras iarnróid. Tabharfar moltaí chun Páirceáil agus Taisteal a fhorbairt ar aghaidh go neamhspleách ar Chlár DART+
Is ceist don Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) é an straitéis do sholáthar stáisiúin nua agus bonneagar iarnróid eile. D’fhoilsigh an NTA an Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2022 go 2042 i mí Eanáir 2023. Tá an straitéis tiomanta d'fhorbairt roinnt stáisiún iarnróid nua lena n-áirítear an Chabrach agus Bóthar na Coille Móire, Baile Formaid. Tá na stáisiúin seo lasmuigh de scóip DART+ Iardheiscirt, tá dearadh an tionscadail tar éis a leagan amach a chruthú don todhchaí chun go bhféadfaí stáisiúin a chur leis ag na láithreacha seo amach anseo. I mbliana tá maoiniú curtha ar fáil ag an NTA d’Iarnród Éireann chun tús a chur le hullmhú dearaí agus pleanáil do stáisiúin ag Choill Mhór agus an Chabrach.
Beidh, ullmhófar EIAR don tionscadal ina mbeidh anailís mhionsonraithe ar thionchair ionchasacha an tionscadail bheartaithe ar an dtimpeallacht atá ann cheana agus beidh dóthain faisnéise ann chun go bhféadfaidh an t-údarás toilithe, an Bord Pleanála sa chás seo, cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart toiliú a thabhairt don tionscadal.
Cuirfidh an EIAR tuairisc ar an dtimpeallacht atá ann faoi láthair i láthair, measúnú ar thionchair ionchasacha na scéime, leagfar amach bearta chun aon drochthionchar a sheachaint nó a laghdú agus sainaithneofar aon éifeachtaí iarmharacha atá fágtha. Déanfar na tionchair a mheasúnú agus a chur i láthair de réir na n-ábhar timpeallachta, agus de réir an Achta Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 arna leasú agus Treoir EIA 2014/52/AE.
Athsholáthróidh nó feabhsóidh Tionscadal DART+ Iardheiscirt áiseanna coisithe agus rothaíochta (nuair is indéanta) nuair is gá droichead a atógáil. Soláthraíodh áiseanna coisithe agus rothaíochta a bhain le go leor de na stáisiúin a bhí ann mar chuid de bhuntionscadal Bhealach Chill Dara; tá na háiseanna faoi athbhreithniú go seasta agus is sainchúram iad de chuid Chlár Feabhsaithe Stáisiúin Iarnród Éireann.
Méadóidh DART+ an Chósta toilleadh féideartha sheirbhísí DART idir Duga na Canála Móire agus Bré aníos ó ocht dtraein san uair i ngach treo go dtí 12 thraein san uair i ngach treo. Tá súil leis go méadóidh seo na hamanna go mór a bhíonn crosairí comhréidh dúnta. Imreoidh crosairí comhréidh a bheith dúnta ar feadh tréimhse níos faide tionchar diúltach ar úsáideoirí bóithre, agus b’fhéidir go mbeidh ar an tionscadal, ar an ábhar sin, leibhéal dóthanach de chrosairí eile scartha a sholáthar do gach úsáideoir bóithre, rothaithe agus coisithe san áireamh. Deimhneoidh obair shamhaltaithe an tionchar iomlán a imreofar ar amanna dúnta crosairí comhréidh agus, más gá, deimhneofar sa phróiseas dearaidh an bonneagar riachtanach athsholáthair d’fheithiclí, rothair agus coisithe.