Ceisteanna Coitianta a bhaineann go sonrach le Tionscadail
Cliceáil ar lógó thíos chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an tionscadal DART+ sin.
Ceisteanna Coitianta
D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an dréacht-Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2022-2042 i mí na Samhna 2021. Aithnítear sa dréacht-Straitéis go bhfuil sé léirithe ag an éileamh atá tuartha ar thaisteal, nuair a dhéantar é a mheas in éineacht leis an ngá atá le hastuithe iompair a laghdú, go mbeidh riachtanas ann, thar shaolré na Straitéise Iompair, seirbhísí DART a leathnú tuilleadh chuig príomhshuíomhanna sa GDA. Cuirfidh síneadh ar an tseirbhís DART ar Líne Chill Dara go dtí an Nás / Na Solláin acmhainn bhreise ar fáil don cheantar seo, lena n-áirítear suíomh réigiúnach Páirceála & Taistil sa chomharsanacht seo.
Cuimsíonn an t-iarnród feadh na coda seo dhá phríomhrian líne a bhfuil dhá thaobhlach ceangailte leo a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an iosta agus chun traenacha a stóráil. Teastaíonn dhá rian DART oibriúcháin bhreise ón Tionscadal chomh maith leis na rianta atá ann cheana féin chun an t-ardú acmhainne atá ag teastáil a éascú.
Soláthraíonn seachadadh Stáisiún Heuston Thiar níos mó acmhainne lár na cathrach agus roghanna paisinéirí chun tuirlingt i bpurláin Heuston nó leanúint ar aghaidh go lár na cathrach i bpurláin Uí Chonghaile / Duga Spencer / Duga na Canálach Móire.
Cuireann seachadadh Stáisiún Heuston Thiar san áireamh freisin an straitéis forbartha reatha agus an Máistirphlean do shuíomh níos leithne Stáisiún Heuston agus an timpeallacht máguaird. Síneann limistéar an Mháistirphlean timpeall 500m feadh bhruach theas na Life agus áirítear leis an suíomh atá faoi úinéireacht Chóras Iompar Éireann ar an mbruach thuaidh ag Bóthar Conyngham. Is éard atá i gceist leis na tograí dearaidh uirbigh ná éascú a dhéanamh ar fhorbairt ceathrú cathrach nua ar imeall thiar lár na cathrach, ag ionchorprú mol iompair idirmhódúil comhtháite dírithe ar an stáisiún atá ann cheana féin, lárionad nua miondíola agus tráchtála, agus comharsanacht chónaithe ar fad lena mbaineann fócas ard ar sholáthar spáis oscailte.
Beidh gá le roinnt rochtana ar thailte tríú páirtí. Más gá seo déanfar teagmháil fhoirmiúil leis an úinéir talún ábhartha agus lorgófar cead rochtana.
Leanfaidh an tionscadal ar aghaidh ag freastal ar na stáisiúin go léir atá ann cheana féin idir Stáisiún Chollchoill & Chill Droichid agus Cathair Bhaile Átha Cliath. An t-aon athrú eile a bheidh ann ná go mbeidh níos mó seirbhísí traenach agus níos mó acmhainne paisinéirí ar na seirbhísí sin.
Beidh moltaí ailínithe le haghaidh DART+ an Iardheiscirt ag teacht le soláthar DART Faoi Thalamh sa todhchaí. Is cuspóir fadtéarmach de chuid na Straitéise Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath é DART Faoi Thalamh a sheachadadh. Ní chuirfidh DART+ an Iardheiscirt cosc ar a sheachadadh níos déanaí.