Skip to main content

Iarratas ar Ordú Iarnróid DART+ an Iardheiscirt curtha isteach leis an mBord Pleanála

22.03.2023

Tá Céim Pleanála Reachtúil bainte amach ag an Dara Líne DART+ anois

Tá iarratas ar Ordú Iarnróid curtha isteach ag Iarnród Éireann inniu leis an mBord Pleanála chun cead a lorg chun an líonra DART leictrithe a shíneadh ó Chollchoill agus Cill Droichid go Stáisiún Heuston agus an Chathair Theas trí Thollán Pháirc an Fhionnuisce.

Cuirfear tús ansin leis an tréimhse reachtúil comhairliúcháin phoiblí ar an 29 Márta agus mairfidh sí go dtí an 16 Bealtaine, tréimhse seacht seachtaine. Tar éis don Ordú Iarnróid DART+ an Iarthair (Má Nuad/Ollpháirc M3 go Baile Átha Cliath) a chur isteach leis an mBord Pleanála i mí Iúil 2022, is é DART+ An Iardheiscirt  an dara líne sa Chlár DART+ chun an chéim seo a bhaint amach.

Agus é maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair, faoi Thionscadal Éireann 2040 agus faoi Chiste Forbartha Struchtúrach an AE, soláthróidh an DART+ An Iardheiscirt  rogha iompair atá feabhsaithe go mór agus níos inbhuanaithe do phobail Collchoille agus Chill Droichid, Baile Adaim, Cluain Dolcáin agus Cnoc an Fhuaráin, Páirc Thiar agus Gort na Silíní, stáisiún nua ag Heuston Thiar agus Droim Chonrach. Bainfear é seo amach trí oibreacha bonneagair as a dtiocfaidh minicíochtaí níos airde agus leictriú, agus traenacha nua, chun toilleadh paisinéirí a mhéadú ón 5,000 reatha go 20,000 in aghaidh na huaire in aghaidh an treo.

I measc na bhfeabhsuithe bonneagair atá beartaithe tá:

Bhí dhá bhabhta de chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an tionscadal seo roimhe seo, le hathbhreithnithe ar na moltaí ag eascairt as aiseolas a fuarthas. Áirítear leis na hathruithe seo soláthar stáisiúin nua ag Heuston Thiar.

Rinneadh teagmháil dhíreach le húinéirí talún agus le háititheoirí a d'fhéadfadh tionchar díreach a bheith acu ar na tailte dá dtagraítear san Iarratas ar Ordú Iarnróid sular taisceadh an t-ordú an 22 Márta. Tá an suíomh gréasáin iarratais ar Ordú Iarnróid www.dartsouthwestrailwayorder.ie beo ón lá inniu agus tá na doiciméid ar Ordú Iarnróid ar fad ann. Beidh cruachóipeanna de na doiciméid ar fáil le féachaint orthu sna háiteanna a liostaítear thíos. Tugann an suíomh gréasáin sonraí freisin faoi conas cruachóipeanna agus cóipeanna boga a fháil de gach gné den ordú nó de chuid áirithe den ordú. Tá fáilte roimh bhaill den phobal, comhlachtaí forordaithe agus úinéirí talún agus áititheoirí a bhfuil tionchar díreach acu aighneachtaí a dhéanamh ón 29 Márta go dtí an  16 Bealtaine. Nuair a thagann deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin, táthar ag súil  go dtionólfaidh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal maidir leis an iarratas.

Faoi réir faomhadh agus leithdháileadh maoinithe a fháil ón mBord Pleanála, meastar go gcuirfear tús le tógáil i lár 2024 agus go gcríochnófar é go déanach in 2029.

Dúirt an tAire Ryan “Is céim thábhachtach eile é an t-iarratas ar Ordú Iarnróid a thaisceadh, tar éis don Rialtas DART+ Iardheiscirt a cheadú níos luaithe an mhí seo, chun an tionscadal seo a chur i gcrích agus leagann sé béim ar ár dtiomantas leanúnach d’infheistíocht a dhéanamh in iompar poiblí ar ardchaighdeán agus córas iompair na hÉireann a dhícharbónú. Ciallaíonn sé freisin go bhfuilimid céim amháin níos gaire do phobail chomaitéireachta a nascadh le Lár Chathair Bhaile Átha Cliath le seirbhís nua traenach tapa, rialta, rud a chlaochlaíonn conas a bhíonn daoine ag taisteal"

Dúirt Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann Jim Meade:

“Is lá iontach é inniu do phobail Chill Dara Thuaidh agus Bhaile Átha Cliath Theas, agus claochlóidh soláthar seirbhísí DART comaitéireachta do na pobail reatha agus nua ar feadh an dorchla iarnróid seo. Déanfaidh sé taisteal linn níos inbhuanaithe, níos minice agus níos iontaofa. Is é seo an dara tionscadal DART+ chun ordú iarnróid a chur isteach, agus DART+ an Chósta Thuaidh agus Theas le leanúint. Déanfaidh an clár DART+, nuair a sheachadfar é, an chomaitéireacht i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath a athrú as éadan go fírinneach agus cabhróidh sé le spriocanna gníomhaithe ar son na haeráide na hÉireann a bhaint amach trí spleáchas ar an ngluaisteán príobháideach a laghdú agus iompar inbhuanaithe ardmhinicíochta ardchumais a sholáthar.”

Dúirt Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair:

“Is léiriú eile é an t-iarratas seo ar ordú iarnróid a thaisceadh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le seirbhís iompair phoiblí a fhorbairt a chomhlíonfaidh riachtanais iompair daoine i réigiún Bhaile Átha Cliath ar feadh na mblianta agus na mblianta atá le teacht. Níl aon amhras orm ach go mbeidh DART+ mar chlár tionscadal claochlaitheach don réigiún ar fadar Thionscadail”.

Top