Skip to main content

Comhairliúchán Poiblí Uimh. 2 i leith DART+ an Chósta Thuaidh

09.05.2023

Tá an dara babhta de chomhairliúchán poiblí ar ‘Rogha a Roghnófar’ i leith DART+ an Chósta Thuaidh dúnta anois.

Soláthróidh DART+ an Chósta Thuaidh líonra leictrithe méadaithe agus feabhsaithe, le hacmhainn bhreise paisinéirí agus seirbhísí feabhsaithe traenach idir Droichead Átha agus Binn Éadair agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá Iarnród Éireann ag óstáil sraith imeachtaí faisnéise poiblí pearsanta agus seimineár gréasáin poiblí chun an Rogha a Roghnófar a chur i láthair agus chun deis a thabhairt do phobail ar an mbealach ceisteanna a chur ar fhoireann an tionscadail. Tá d'aiseolas ar an Rogha a Roghnófar tábhachtach chun cabhrú le dearadh forbartha DART+ an Chósta Thuaidh a mhúnlú. Féach sonraí na n-imeachtaí faisnéise poiblí thíos.  

Is féidir le baill den phobal ar mian leo freastal go pearsanta ar aon cheann de na himeachtaí thuas bualadh isteach chuig na hionaid liostaithe le linn na dtréimhsí imeachta sonraithe áit a mbeidh baill dár bhfoireann deartha ar fáil chun na moltaí a phlé agus aon cheisteanna atá agat a fhreagairt maidir le tionscadal DART+ an Chósta Thuaidh.

Ba cheart do bhaill den phobal ar mian leo freastal ar an seimineár gréasáin poiblí ríomhphost a chur chuig DARTCoastalNorth@irishrail.ie agus luaigh gur mhaith leat a bheith i láthair. Eiseofar nasc duit ansin chun páirt a ghlacadh sa seimineár gréasáin ina gcuirfear sonraí faoin Rogha a Roghnófar do thionscadal DART+ an Chósta Thuaidh.   i láthair. De réir na n-imeachtaí pearsanta, beidh baill dár bhfoireann deartha ar fáil chun na moltaí a phlé agus chun aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat maidir le tionscadal DART+ an Chósta Thuaidh a fhreagairt.

Cabhróidh tuiscint shoiléir ar stádas agus dearadh an tionscadail leat agus tú ag ullmhú d’aighneacht ar an tionscadal. Féach ar na bealaí inar féidir leat d’aighneacht a sheoladh isteach ar an leathanach Conas Páirt a Ghlacadh  ar www.dartplus.ie. 


Top