Tá babhta comhairliúcháin phoiblí Uimh 1. ar an rogha a roghnófar atá ag teacht chun cinn don DART+ an Chósta Thuaidh dúnta anois
12.04.2022
Tá an 1ú babhta de chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil tugtha chun críche ag Iarnród Éireann ar an rogha a roghnófar atá ag teacht chun cinn do thionscadal DART+ an Chósta Thuaidh.
Bhí an comhairliúchán seo mar bhealach againn chun do thuairimí a iarraidh oraibh, mar úsáideoirí féideartha na seirbhíse nó iad siúd ar dóigh go mbeidh tionchar ag a forbairt orthu. Déanfar athbhreithniú agus measúnú ar gach aiseolas agus aighneacht a fhaightear. Tar éis measúnú iomlán a dhéanamh ar an aiseolas, ullmhófar tuarascáil thorthaí chomhairliúcháin phoiblí uimh. 1 agus cuirfear i láthair í ag an gcéad bhabhta eile den chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an rogha a roghnófar níos déanaí in 2022.