Skip to main content

Comhairliúchán Poiblí maidir le DART+ An Chósta Thuaidh ag tosú

24.02.2022

Tugtar cuireadh do phobail feadh bhealach DART+ an Chósta Thuaidh a n-aiseolas a thabhairt ar phleananna chun an DART a thabhairt go Droichead Átha, agus leibhéil seirbhíse a mhéadú faoi dhó

Tá sonraí foilsithe ag Iarnród Éireann faoin rogha is dealraithí a roghnófar le haghaidh DART+ an Chósta Thuaidh, an chéim is déanaí den Chlár bunathraitheach DART+, a mhéadóidh minicíocht agus acmhainn na seirbhíse traenach go mór i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.


Leathnóidh DART+ an Chósta Thuaidh an DART ó Mhullach Íde go Droichead Átha le líonra leictrithe méadaithe agus feabhsaithe, agus ligfidh sé do níos mó traenacha feidhmiú, agus aistreoidh níos mó comaitéirí chuig iompar poiblí, idir Droichead Átha agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, lena n-áiritear seirbhísí idir Binn Éadair agus Gabhal Bhinn Éadair. 


In éineacht le Frank Allen, Cathaoirleach, agus Jim Meade, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Iarnród Éireann, inniu bhí Méara Dhroichead Átha, an Comh. James Byrne, Méara Fhine Gall, an Comh. Seána Ó Rodaigh agus Cathaoirleach Chomhairle Contae na Mí, an Comh. Seán Drew ag Stáisiún Dhroichead Mhic Ghiolla Bhríde, Droichead Átha, chun comhairliúchán poiblí do DART+ an Chósta Thuaidh a sheoladh go foirmiúil. 

DART+ an Chósta Thuaidh

Maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair faoi Thionscadal Éireann, 2040, cuirfidh an tionscadal feabhsúcháin iarnróid seo méadú ar bhuaic-acmhainn paisinéirí agus minicíocht traenach idir Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus Stáisiún Mhic Ghiolla Bhríde, Droichead Átha, lena n-áiritear Brainse Bhinn Éadair - rud a éascóidh iompar níos minice agus níos iontaofa chuig na pobail mórthimpeall.

Déanfar an méid seo a leanas a sheachadadh:

-    Seirbhís agus acmhainn paisinéirí idir Droichead Átha agus lár na cathrach a mhéadú níos mó ná faoi dhó idir trí líon na dtraenacha a mhéadú ó 11 go 24 agus acmhainn do chomaitéirí a mhéadú ó 12500 - 26600 in aghaidh na buaicthréimhse de 3 uair an chloig.  

-    Acmhainneacht le haghaidh suas le dhá oiread líon DARTanna idir Binn Éadair agus Gabhal Bhinn Éadair a thógáil,  faoi réir cinntí oibríochtúla maidir le húsáid seirbhíse traenach tointeála. 

I measc phríomhghnéithe na n-oibreacha tionscadail tá an méid seo a leanas:

•    Leathnú ar an leictriú ó Mhullach Íde go Droichead Átha, lena n-áirítear mionathruithe riachtanacha ar dhroichid agus athruithe rianta; 

•    Mionathruithe comharthaíochta agus teileachumarsáide chun tacú le minicíocht mhéadaithe na seirbhísí traenach; 

•    Athchomhrú ar Stáisiún Ghabhal Bhinn Éadair & Dhomhnach Míde ionas gur féidir seirbhís tointeála a úsáid ar Bhrainse Bhinn Éadair. (Déanfar cinntí oibríochtúla deiridh faoi réir riachtanais éilimh agus measúnaithe.)

•    Méadú ar mhinicíocht na dtraenacha amach anseo a éascú trí bhonneagar stórála traenach agus bonneagar iarnróid riachtanach eile a éascú cóngarach do na Stáisiúin seo a leanas - Stáisiún Mhic Ghiolla Bhríde, Droichead Átha; Mullach Íde; Cluain Ghrífín; agus Gabhal Bhinn Éadair & Domhnach Míde;

•    Mionathruithe a dhéanamh ar na hiostaí atá ann cheana i nDroichead Átha agus i bhFionnradharc chun tacú leis an bhflít nua traenach. 

Chomh maith le rochtain ar iompar poiblí inbhuanaithe a fheabhsú do phobail nua agus do phobail atá ann cheana a chur ar fáil, maolóidh DART+ an Chósta Thuaidh brú tráchta ar bhóithre agus tógfaidh sé gréasán iarnróid níos nasctha, níos éifeachtúla agus níos sábháilte, ag tacú lenár n-aistriú go sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, nach mbeidh ag brath chomh mór sin ar ghluaisteáin phríobháideacha. 


Tagann fógra an lae inniu tar éis conradh a bheith sínithe ag Iarnród Éireann agus Alstom i mí na Nollag seo caite don bhFlít nua DART+ le haghaidh suas le 750 carráiste iarnróid sna deich mbliana atá amach romhainn a sholáthar, rud a chiallaíonn gurb é seo an t-ordú don bhflít is mó agus is inbhuanaithe i stair iompair na hÉireann. 


Tá ordú tosaigh déanta le haghaidh 95 carr iarnróid faoi thiomáint leictreach agus ceallra-leictreach agus iad le seachadadh ó lár na bliana 2024, ag dul i mbun seirbhíse sa bhliain 2025. Beidh na feithiclí hibrideacha ceallraí leictreacha ag feidhmiú ar an mbealach idir Droichead Átha agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, agus cuirfear méadú ar acmhainn do chomaitéirí ar an líne Thuaisceartach dá bharr sin sula ndéanfar leictriú ar an líne féin. 


Comhairliúchán Poiblí DART+ an Chósta Thuaidh – an chéad chéim


Cuireann an Comhairliúchán Poiblí do thionscadal DART+ An Chósta Thuaidh a thosaíonn inniu, an 'Rogha is Dealraithí a Roghnófar' i láthair do dhearadh an tionscadail agus is é an chéad cheann de dhá chomhairliúchán poiblí neamhreachtúla a chuireann fáilte roimh aiseolas an phobail. 


Cuirfidh eolas agus léargas custaiméirí, cónaitheoirí agus gnólachtaí atá in aice leis an mbealach, chomh maith le páirtithe leasmhara eile, bonn eolais a chur faoin dearadh, agus cuideoidh sé le hIarnród Éireann na pleananna tionscadail a mhúnlú, rud a chinnteoidh go mbeidh sé tairbheach do chustaiméirí agus do na pobail a bhfreastalóidh sé orthu.


Moltar do gach duine athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí iomlána ar www.dartplus.ie ar a bhfuil seomra fíorúil idirghníomhach chomh maith. Tá sonraí faoi líne thiomnaithe theileafóin, seoladh ríomhphoist agus foirm aiseolais ar líne ar fáil ar www.dartplus.ie Cuirfear tús le sraith seimineár gréasáin dóibh siúd ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoin tionscadal sna laethanta amach romhainn. 


Nuair a bheidh an comhairliúchán seo críochnaithe, déanfaidh foireann deartha an tionscadail gach aighneacht a mheas go cúramach, agus bainfear úsáid astu chun bonn eolais a chur faoin bhforbairt dearaidh ina dhiaidh sin agus faoin Rogha tosaíochta.  Beidh an dara céim den chomhairliúchán poiblí ar siúl nuair a aithneofar an rogha tosaíochta don tionscadal. 


Leanfaidh an tionscadal seo an chonair iarnróid atá ann faoi láthair lena n-áiritear leictriú lasnairde na líne iarnróid atá ann cheana féin idir Mullach Íde agus Droichead Átha.  D’fhéadfadh go mbeadh sé riachtanach roinnt oibreacha a bhaineann le soláthar fostáisiúin leictreacha nua agubus mionathruithe ar dhroichid a dhéanamh lasmuigh den teorainn atá ann cheana féin.  


Beidh scála an ardaithe seirbhíse éagsúil ar fud leathnú an bhfelaigh ó Dhroichead Átha go Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.  Táthar ag súil go gcuirfidh DART+ an Chósta Thuaidh an méadú seo a leanas ar sheirbhísí thar bhuaicthréimhse trí uair an chloig ar maidin do sheirbhísí isteach/ó dheas chuig Lár Chathair Bhaile Átha Cliath: 


-    Seirbhís agus acmhainn paisinéirí idir Droichead Átha agus lár na cathrach a mhéadú níos mó ná faoi dhó idir trí líon na dtraenacha a mhéadú ó 11 go 24 agus acmhainn do chomaitéirí a mhéadú ó 12500 - 26600 in aghaidh na buaicthréimhse de 3 uair an chloig. 

-    Méadú 50% ar sheirbhís agus ar acmhainn a sheachadadh idir Mullach Íde agus Lár na Cathrach trí mhéadú ó 20 go 30 traein. Ciallóidh sé seo go méadófar acmhainn paisinéirí ó 23,300 – 33,800 paisinéir. 

-    Féidearthacht chun minicíocht agus acmhainn seirbhíse ar Bhrainse Bhinn Éadair ó mhéadú faoi dhó, is é sin ó 9 go 18 dtraenacha trí sheirbhís traenach tointeála a thabhairt isteach idir stáisiúin Binn Éadair agus Stáisiún Ghabhal  Bhinn Éadair & Dhomhnach Míde. Chuirfeadh sé seo méadú ar acmhainn paisinéirí ar Bhrainse Bhinn Éadair.ó 10,800 go 21,600 paisinéir in aghaidh na buaicthréimhse de 3 uair an chloig. 


Ag cur fáilte roimh sheoladh an chomhairliúcháin phoiblí inniu, dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan TD: 

"Tabharfaidh DART+ an Chósta Thuaidh seirbhís mhaith iarnród leictrithe chuig pobail ar fud chósta Bhaile Átha Cliath Thuaidh.  Má chuireann muid iompar poiblí inbhuanaithe ar ardchaighdeán ar fáil, tá a fhios againn go mbainfidh daoine úsáid as agus is céim thábhachtach é an comhairliúchán seo chun an bonneagar seo a sheachadadh agus chun ár ngréasán iarnróid i mBaile Átha Cliath a fheabhsú. 

Molaimid don phobal a bheith páirteach agus aiseolas a thabhairt ionas gur féidir linn iompar poiblí rialta, iontaofa agus athléimneach ó thaobh na haeráide de a éascú sa cheantar, agus ar deireadh, an chaoi a dtaistealaíonn muid a athrú ó bhonn."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann Jim Meade:

"Is lá dearfach eile é seo dár gcustaiméirí agus do na pobail ar fud Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus muid ag leanúint ar aghaidh le cur chun cinn an Chláir DART+. Cinnteoidh DART+ an Chósta Thuaidh go mbainfidh níos mó pobal feadh na líne Thuaisceartach, tairbhe as an méadú ar acmhainn, minicíocht agus iontaofacht gur féidir leis an DART a sholáthar. Is é DART+ an Chósta Thuaidh an chéad chéim eile chun gréasán iompair níos inbhuanaithe a thógáil, agus beidh sé ar an gcéad cheann dár mbealaí ar a mbainfear úsáid as na carráistí hibrideacha faoi thiomáint leictreach agus ceallra-leictreach ón bhFlít nua DART+ nuair a rachaidh siad i mbun seirbhíse sa bhliain 2025. 

Tá aiseolas tábhachtach dúinn agus é mar chuid lárnach den bpróiseas leanúnach dearaidh. Molaim do phobail ar bhealach DART+ an Chósta Thuaidh dul i ngleic leis an bpróiseas comhairliúcháin agus an deis a thapú chun a dtuairimí a chur in iúl dúinn maidir le múnlú an chlár réabhlóideach DART+"

Uasdhátú maidir leis an gClár DART+

Is príomhfheabhsúchán iompair é an tionscadal DART + lena gcinnteofar go bhfuil taisteal traenach i gcroílár líonra iompair inbhuanaithe na hÉireann.  Maoinithe faoin bPlean Forbartha Náisiúnta ag an Údarás Náisiúnta Iompair, is infheistíocht é an Clár DART+ a mhéadóidh acmhainn ghréasán Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath faoi dhó, agus a mhéadóidh leictriú líonra Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath faoi thrí, chun soghluaisteacht agus forbairt inbhuanaithe a éascú agus cáilíocht na beatha inár bpríomhchathair agus sna contaetha máguaird a fheabhsú. Mar thoradh ar an gclár foriomlán, déanfar leictriú ar línte ar DART+ an Iarthair go Maigh Nuad/M3 Bhealach na Páirce, ar DART+ an Iardheiscirt go Collchoill agus ar DART+ an Chósta Thuaidh go Droichead Átha. Mar thoradh ar DART+ Chósta Theas déanfar príomhoibreacha bonneagair chomh fada leis na Clocha Liatha chun ligean do níos mó traenacha feidhmiú. 



Uasdhátú maidir le stádas cláir DART+

TionscadalAg freastal arUasdhátúNa Chéad Chéimeanna eile
DART + an IarthairMaigh Nuad/M3 Bealach na Páirce go dtí an Chathair, lena n-áirítear iosta nua siar ó Mhaigh Nuad  An dara comhairliúchán poiblí curtha i gcrích, aiseolas curtha san áireamh, comhairliúchán breise áitiúil beartaithe do cheantar Bhaile an Ásaigh.


Iarratas ar Ordú Iarnróid,
 Samhradh 2022



DART+ an IardheiscirtCollchoill go Heuston agus Tollán Pháirc an FhionnuisceAn dara comhairliúchán poiblí curtha i gcrích, Nollaig, 2021Iarratas ar Ordú Iarnróid,
 Samhradh 2022
DART+ an Chósta ThuaidhStáisiún Uí Chonghaile go Droichead ÁthaAn chéad chomhairliúchán phoiblí á seoladh inniu.An dara comhairliúchán poiblí beartaithe d'Fhómhar 2022
DART+  an Chósta TheasStáisiún Uí Chonghaile go dtí na Clocha LiathaAn rogha is dealraithí a roghnófar á forbairt
Táthar ag súil leis an gcéad chomhairliúchán poiblí,
Fómhar, 2022

Flít DART+Gach bealach DART+ luaite thuasConradh le hAlstom sínithe, Nollaig 2021Tiocfaidh na chéad charráistí sa bhliain 2024

Ba mhaith linn teagmháil a dhéanamh le pobail feadh an bhealaigh trí chur chuige idirghníomhach agus reáchtálfaimid sraith seimineár gréasáin dóibh siúd ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoin tionscadal. 

Cuirfidh gach seimineár gréasáin an rogha tosaíochta i láthair agus beidh baill foirne an tionscadail sásta ceisteanna ó chónaitheoirí ar an mbealach a fhreagairt. 

Tá sonraí na seimineár gréasán do chónaitheoirí thíos. Chun clárú chun freastal ar cheann amháin nó níos mó de na seimineáir ghréasáin seo, seol ríomhphost chuig dartcoastalnorth@irishrail.ie agus cuir in iúl dúinn cén seimineár gréasáin / seimineáir ghréasáin ar mhaith leat freastal orthu. Seolfar nasc duit ansin le bheith páirteach ann.



Top