Príomhghnéithe Bonneagracha
I measc na bpríomhghnéithe bonneagair de thionscadal DART + an Iarthair tá:
- Leictriú agus athchomharthaíocht den líne Mhaigh Nuad & M3 Bhealach na Páirce ó lár na cathrach go Maigh Nuad (thart ar 40km ar fhad)
- Feabhsuithe ar acmhainn ag Stáisiún Uí Chonghaile (lena n-áirítear modhnuithe ar acomhail & an stáisiún) chun líon méadaithe traenach & paisinéirí a éascú.
- Stáisiún Duga Spencer nua a sholáthar, a fhreastalóidh níos fearr ar cheantar na nDugthailte thuaidh agus a fheabhsóidh acomhal leis an Luas.
- Crosaire comhréidh a dhúnadh agus droichid athsholáthair a chur ar fáil nuair is gá.
- Saoráid nua losta DART a thógáil siar ó Mhaigh Nuad chun traenacha a chothabháil agus a pháirceáil (coinneáil sa stáisiún).
- Idirghabhálacha ag droichid atá ann cheana thar an líne iarnróid in áiteanna nach bhfuil i ndóthain glanspáis ann chun freastal ar chóras leictrithe nua lasnairde.
- Fostáisiúin, foirgnimh leictreacha agus gach obair shibhialta agus choimhdeach eile de réir mar is gá chun freastal ar an tionscadal.